Dúnmharú ar an DART Rap

Опубликовано: 11 Август 2026
на канале: Gaelgory
16,774
298

Dúnmharú ar an Dart. Mile buíochas Colm Rooney, na leaids san idirbhliain, 123inDaPlacetobe amhrán Hip Hop Instrumental a d'úsáid mé san fhís.

Dúnmharú ar an DART

*Dúnmharú
Ar an DART
Céard a tharla?
Céard tá mí-cheart?

Grá is brón
Uaigneas is saint
Briseadh croí
Ag dul sa seans

Tús drámatúil
Ag tús an scéil
Duine mí-shona
An múinteoir Niall

Fear mí-shásta
Fadhbanna ar scoil
Déanach don DART
Bhí sé ag gol
*
Teannas ar scoil
Le Billy Braon ó Ruairc
Ag iarraidh éalú
Óna shaol duairc

Maraíodh Gerrit
Ar an DART
Thóg Niall an cás
An cás mí-cheart
*
Milliúin punt
Istigh sa chás
Cé a bhí ag fanacht dó
Ach an bás

Thall sa Ghréig
Maraíodh a bhean
Bhuail sé le Jan
San Amsterdam
*




A bhean marbh
Cén fáth agus conas?
Fórsaí an dorchadais
Ar bharr an donas

I mbainc i Zurich
An chás ar ais
Jan ag gáire
Ag comhaireamh an cash
*
An t-ionad dumpála
A tógadh é
Urchar ó ghunna
Ní dheachaigh sé ar strae

Bás ag breathnú
Isteach ina shúile
Chuala Niall raic
Ruaille buaille
*
Miriam ó Interpol
A bhí ann
Mharaigh sé Jan
Le pilléar sa cheann

Cuireadh Niall i gcill
I bpriosún duairc
Cé a bhí ann?
Ach Billy Braon ó Ruairc
*
Teachtaireacht tábhachtach
Ós ár gcomhair
Ceacht réadúil
An tsaint thar fóir

An fhírinne searbh
Níl aon dabht faoí
Tagann an bás
Mar ghadaí san oíche